Céad Míle Fáilte
A Chara
Deirtear go bhfuil mí- adh ag baint leis an uimhir 13 ach tá sé soiléir nach seo an chás maidir le World Book Day; i mbliana tá World Book Day ag ceiliúradh a 13ú bhliain ar an Déardaoin, 4ú Márta 2010. Is é World Book Day an imeacht bliantúil is mó a bhaineann le chur chun cinn a dhéanamh ar an taitneamh a bhaineann le leabhar agus léamh in Éire agus san Ríocht Aontaithe.
Tá World Book Day ag forbairt gach bliain, mar a thagann méadú ar líon na gcomhpháirtithe atá ag obair linn in ár ngníomhaíochtaí. Leanfaidh ár bpríomh gníomhaíocht ar aghaidh – Pacáistí Scoile, ábhar taispeantais agus dearbháin leabhair €1.50 World Book Day a chuirtear ar fáil do scoileanna agus dá dáltaí. Na dean dearmad gurb iad bronntanais ó bhur siopa leabhar áitiúil na dearbháin €1.50 seo.
Is féidir an scéal is deireanaí agus nuashonraí a fháil tríd a bheith mar leantóir ar shuíomh ‘World Book Day’ ar Facebook no muid a leanúint ar Twitter ag @WBDIreland.
I mbliana tá obair á dhéanamh againn le comhpháirtí nua; BookCrossing. Is pobal é le níos mó ná 800,000 duine mar bhall de, scartha timpeall 130 tíortha éagsúla, a roinneann an suim atá acu i leabhar le muintir an domhain. Tríd BookCrossing bíonn seans ag leabhair saol dá gcuid féin a bheith acu.
Tá BookCrossing cairdiúl don domhan agus tugann sé seans duit do leabhar a roinnt, do seilfeanna a ghlanadh amach, agus acmhainní luachmhar a chaomhnú. Tríd an módh uathúil a úsáideann said chun leabhair a athchúrsái , tugann BookCrossers beocht do leabhar. Aon leabhar atá cláraithe ar BookCrossing tá eachtraíocht rompu.
Níl aon deacracht ag baint le páirt a ghlacadh, fág do leabhar ar bhínse sa pháirc, i siopa caifé, ar bhus, luas no traein! Roinn le cara é no cuir ar seilf leabhar é ag an gym – aon áit gur féidir leis léitheoir nua a fháil! Pé rud a tharlaíonn ina dhiaidh sin tá sé i ndán dó, ní fios cén áit a rachaidh said. Is féidir turas do leabhar a leanúint Timpeall an domhain mar a cuirtear ar aghaidh é ó dhuine go duine.
Conas? Is rud éasca é.
Tógann clárú faoi bhun nóiméid – díreach déan an nasc seo a bhrú www.bookcrossing.com/join agus cláraigh saor in aisce! Tugfar uimhir BCID do do leabhar agus is féidir leat turas do leabhar a leanúint. Freisin, is féidir bookplate a íoslódáil, agus déantar é sin a thaispeánt ar chlúdach do leabhar.
I mbliana ba mhaith linn go bhfágfaidh an méid is mó daoine is gur féidir leabhar atá cláraithe le BookCrossing in áit poiblí ar World Book Day. Cabhraigh linn leabharlann a dhéanamh den domhan ollmhór seo agus áthas an litearthacht a roinnt. Déantar eachtraíocht de léitheoireacht le BookCross!
Fáth eile le léamh i mbliana ná ‘Read to a Million Kids’, atá urraithe ag Renaissance Learning. Béidh na 11 scéalta €1.50 á léamh ag údair na leabhar agus aithriseoiri éagsúla, agus béidh taifead déanta díobh réidh le craoladh ar an idirlíon ar World Book Day. Béidh sé seo ar fáil do scoileanna agus leabharlainn amháin ar dtús, agus béidh tráth na gCeist in éineacht leis maidir leis an léitheoireacht. Is feidir cuairt a thabhairt ar www.readtoamillionkids.co.uk le níos mó eolas a fháil agus le clárú le páirt a ghlacadh.
Leabharmharc in-íoslóadáilte St Michael's House

Feachtas St Michael's Bring a Book, Buy a Book Márta 4th -12th 2010
Ritheann an‘St. Michael’s House Bring a Book, Buy a Book Campaign 2010’ in éineacht le Children’s Books Ireland, World Book Day agus an Dublin Book Festival. Tá thart ar 160 ionad pobal-bunaithe lonnaithe ag St Michael’s House trí Bhaile Átha Cliath, a chuireann tacaíocht agus seirbhisí ar fáil do thart ar 1,450 páistí is aosaigh le míchumas intleachtach agus dá gclann.
Tosaíodh an feachtas Bring a Book, Buy a Book i 2008 le 15 suíomhanna difriúla ag glacadh páirt. An bhliain seo chaite d’ardaigh an uimhir seo go 117 suíomhanna le suas go 45,000 ag aistriú a leabhar. An aidhm atá ag St Michael’s House ná an uimhir seo a ardú arís i 2010, agus tá said ag iarraidh go nglacfaidh 500 eagraíocht páirt ann.
Rachaidh aon airgead a thiomsaítear díreach go St. Michael’s House le seirbhisí a chuir ar fáil do phaistí agus aosaigh le míchumas intleachtach. Spreagann an feachtas léitheoireacht do chuile duine, agus tá súil ag an gcarthanacht go malartóidh 100,000 daoine leabhar le linn na seachtaine.
Má tá suim agat bheith páirteach seol an téacs ‘BOOK’ go 51500, le d’ainm agus seoladh le clárú, agus gheobhaidh tú pacáiste tosaithe do ‘Bring a Book, Buy a Book’ 2010. Tabhair cuairt ar www.smh.ie chomh maith no glaoigh ar 01 2990 500.
Freisin is féidir síntiús a dhéanamh tríd téacs ‘SMH’ a sheoladh go 57502.
Tá costas €2 ar ghach téacs chomh maith le gnáth costas SMS.
Rachaidh na fáltais go dtí St. Michael’s House.
Charity Reg: CHY 5692. SP: MSERVE 01-499 5939.
Deir Aideen Brady, Comhordneoir World Book Day, Éire: “Sa lá atá inniu ann, isbealach an chruthaitheach é an feachtas ‘Bring a Book, Buy a Book’ chun léitheoireacht a spreagadh agus chun moltaí faoi leabhair a roinnt, agus ag an am céanna ag tiomsú airgid d’eagraíocht iontach. Tá World Book Day, Éire, thar a bheith sásta bheith páirteach in aire na tire a dhíriú ar obair St Michael’s House. Is áis iontach é a chabhraíonn le saol alán daoine. Is bronntanas í léitheoireacht a thugann deis do pháistí ag gach aois agus ó ghach cúlra iad fein a fheabhsú. Thar an 13 bliain deireannach, thug World Book Day, Éire deis do ghlúin páistí éireannach a leabhair féin a bheith acu. Is bronntanas bliantúil é dóibh ó dhíoltóirí leabhair na hÉireann.”

Comórtas Gearrscéalta Evans 2010
Rinneadh buaiteoirí an tríú Chomórtas Gearrscéalta Evans a fhógairt. Bhí ardú ar chaighdeán na comórtaise i mbliana mar gur glachadh le suas le 3,000 iontráilithe ó thart ar 2,000 scoileanna in Éire, agus sna Ríocht Aontaithe.
Is iad Eleanor Moloney, Carnaross, Co. Meath, 9 mbliain d’aois, and Kate Craven, Craughwell, Co. Galway, 9 mbliain d’aois chomh maith, na buaiteoirí Éireannach de Chomórtas Gearrscéalta an both World Book Day 2010. Comhghairdeas libh a chailíní.
Is í Kate an chéad buaiteor Éireannach den duaisealaínesna trí bhliain ina bhfuil an comórtas ar siúl. Bhí ‘Garbage Monster’, an pictiúr a tharraing sí, mar chéad rogha na moltóirí agus beidh sé mar an phictiúr ar chlúdach an díolaim scéalta bunscoile a bheidh foilsithe ar World Book Day. Beidh 16 scéalta sa díolaim, scríobhtha ag dáltaí bunscoile in Éire agus sa Ríocht Aontaithe, gearrscéal Eleanor Moloney ‘Vikings Come to Dublin’ san áireamh.
Leabhar “flip” iontach nua ó O’Brien Press do World Book Day!
Ag leanúint ó rath ollmhór an leabhair Ghaeilge do World Book Day anuraidh, i mbliana tá leabhar Gaeilge eile curtha i láthair le haghaidh daoine óga.
Is é an leabhar “flip” An Buachaill Bó” le Gillian Perdue/The Witch Apprentice le Marian Broderickan t-aon leabhar dátheangach do World Book Day agus is tús iontach é do léitheoireacht trí Ghaeilge.

Do pháistí 8+
An Buachaill Bó:
Is breá le Conor a chulaith buachalla bó. 'Yee Haw!' a deir sé. 'Lámha suas!' Is í culaith Conor an rud is fearr ar domhan. Ach an mbeidh sé ábalta í a chaitheamh ar scoil?
Nuair a thug tuismitheoirí Conor bronntanas de chulaith buachaill bó dó theastaigh uaidh é a chaitheamh an t-ám ar fad. Ar scoil bíonn daoine ag spocadh as Conor de bharr an chulaith buachaill bó ach is chuma le Conor. Ansin ceapann na dáltaí eile sa rang go bhfuil an-spraoi ag baint leis agus ba mhaith leo culaith bhréige a chaitheamh chomh maith. Socraíonn a múinteoir go bhfuil cead acu gléasadh suas ar an Aoine. Gléasann an múinteoir suas fiú - mar sheriff!!
Agus chuir Conor agus a culaith buachaill bó tús leis go léir!
The Witch Apprentice:
Réamhrá iontach do shraith greannmhar de leabhair faoi chailín beag ábhailleach a deirtear leí gur cailleach í!
Céard a dhéanfá dá ndéanfadh cailleacha uchtú ort?
Tá rud éigin ait ag tarlúint i teach nua Anna Kelly – is cailleacha iad a caomhnóirí Grizz agus Wormella Mint, agus ba mhaith leo go gcabhróidh Anna leo lena cuid draíochta mioscaiseach.
Fágtar Anna bocht sa teach úafásach, ag gearradh beacán bearaigh agus ag meascadh glóthach froig, gan duine ar bith in éineacht léi seachas an cat, Charlie. B’fhearr léi a bheith amuigh ag spraoi.
Nuair a thagann sí ar sean leabhardroch- dhraíocht sa siléar – an féidir leis an draíocht obair di?
Mar is gnáth, tá raon na leabhar World Book Day go hiontach agus tá rud éigin ann do ghach uile aois ghrúpa. San áireamh tá;
Leabhar Pictiúr
|
|
|
Thomas & Friends: Thomas to the Rescue
Egmont
|
|
|
 |
|
Agus cúig leabhar spéisialta; dhá leabhar i leabhar amháin! Spraoi dúbailte i gceist leo! |
| |
|
|
| |
|
|
Do phaistí 5+ Leabhar Flip
|
Kitten Chaos, Anna Wilson
Macmillan Children's Books |
le |
Magic Ballerina: The Magic Dance, Darcey Bussell
HarperCollins Children's Books |
 |
|
 |
| |
|
|
| |
|
|
Do phaistí 5+ Leabhar Flip
|
The Charlie Small Journals: Valley of Terrors
David Fickling Books |
le |
Dinosaur Cove: Battle of the Giants, Rex Stone
Oxford University Press |
 |
|
 |
| |
|
|
| |
|
|
Do phaistí 7+ Leabhar Flip
|
Grubtown Tales: The Great Pasta Disaster, Philip Ardagh, illus. Jim Paillot
Faber & Faber |
le |
Pongwiffy and the Important Announcement, Kaye Umansky, illus. Nick Price
Bloomsbury |
 |
|
 |
| |
|
|
| |
|
|
Do phaistí 9+ Leabhar Flip
|
Jamie Johnson: Born to Play, Dan Freedman
Scholastic |
le |
Young Samurai: The Way of Fire, Chris Bradford
Puffin Books |
 |
|
 |
| |
|
|
| |
|
|
Do phaistí 11+ Leabhar Flip
|
Walking the Walls, Chris Higgins
Hodder Children's Books |
le |
Medusa Project: The Thief, Sophie McKenzie
Simon & Schuster Children's Books |
 |
|
 |
Le roinnt blianta anuas d’fhoilsigh Foilsitheoir leabhar pháistí O’Brien Press leabhar don mhargadh Éireannach. Coinnigh súil amach do shonraí faoi anseo.
Mar is gnáth, in Éire gheobhaidh gach dálta bunscoile agus meanscoile a dearbhán World Book Day speisialta le luach €1.50, ach caithfidh naonraí clárú chun iad a fháil. Cuireann Dioltóirí leabhar éireannach an t-airgead ar fáail do na dearbháin agus i mbliana beidh na díoltóirí leabhar in Éire, in éineacht le National Book Tokens, ag tabhairt níos mó ná 1 milliún dearbhán saor in aiscedo dhaltaí bunscoile na tíre. Tharr an 12 bhliain deireannach tugadh níos mó ná 15 milliún dearbhán leabhar do phaistí Éireannach, ag costas €20 milliún dos na díoltóirí leabhar Eireannach.
Ba mhaith le feachtas ‘FREE book token’ an Booksellers Association, cothromaíocht a bhrú maidir le bheith in ann leamh, trí sheans a thabhairt do ghach páiste a leabhar féin a bheith acu, chomh maith le paistí a spreagadh le pléisiúr leabhar agus léamh a fhiosrú.
Dúirt John Butler, urlabhraí World Book Day, “Equipping children with a love of reading is one of the most important things that we can do for the next generation. It is a fundamental tool which gives children the means to develop, learn, think, dream form opinions, invent and eventually earn a living. Every child, regardless of background or disadvantage, deserves to be given that opportunity. One in four Irish adults encounters literacy difficulties in their daily lives and many children do not have access to books at home. If we can help to promote reading equality at an early age then the benefits to society and indeed to the economy as well would be enormous.”
Is í World Book Day (WBD) an céiliúradh bliantúil léitheoireachta is mó in Éire agus tá sé eagraithe ag The Booksellers Association éireannach. Is ceiliúradh domhanda é de léitheoireacht, litearthacht agus grá do leabhar do dhaoine óga i thart ar 100 tír timpeall ar an domhain.
|