Ag Buzzáil sa Ghairdín

« Back

Written by: Áine Ní Ghlinn
Illustrated by: Andrew Whitson
Publisher: An tSnáthaid Mhór

Is mise Billí Beach,

Billí Beach, Bill.

Is maith liom neachtar,

is maith liom mil.

Isteach agus amach

as na bláthanna geala.

Ar ais liom ansin chuig

an gcoirceog mheala.

Bíonn Billí Beach ag obair go dian sa ghairdín. Bíonn Billí ag obair ó mhaidín go hoíche.

Follow Billí’s magical working day gathering nectar from all the beautiful flowers in the garden. This rhyming story of Billí, the hardest-working bee in the garden, is a tale that will delight all eco warriors, big and small.

Tá na leabhair £1/€1.50 ar fáil freisin in Braille, cló mór agus fuaim trí Guide Dogs, Vision Ireland, RNIB agus Calibre Audio. Má tá ceann de na formáidí seo de dhíth ort, cliceáil anseo chun níos mó eolais a fháil.

The £1/€1.50 books are also available in braille, large print & audio via Guide Dogs, Vision Ireland, RNIB and Calibre Audio. If you require one of these formats, please click here to find out more.

Irish-language book and resources supported by Foras na Gaeilge / Leabhar agus acmhainní Gaeilge le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

    About the Author

    Áine Ní Ghlinn

    Is file agus scríbhneoir páistí í Áine Ní Ghlinn agus ba í Laureate Litríochta na nÓg na hÉireann 2020-2023 í. Tá 38 leabhar foilsithe aici. Ina measc seo tá ficsean d’aosaigh óga, scéalta, úrscéalta, leabhair pictiúr agus drámaíocht do léitheoirí óga chomh maith le filíocht do dhaoine fásta agus páistí.

    Tá réimse gradam buaite aici,  lena n-áirítear Comhaltacht Filíochta Patrick Kavanagh, Gradam Réics Carló, Leabhar Gaeilge na Bliana do Pháistí trí huaire do na úrscéalta Daideo, Hata Zú Mhamó agus Boscadán, gradam onóra ficsin Leabhair Páistí Éireann agus Leabhar na Bliana Chumann Litearthachta na hÉireann don úrscéal d’aosaigh óga Daideo.

    Bhí sí ar dhuine de thrí ainmní na hÉireann do Ghradam Cuimhneacháin Astrid Lindgren (ALMA) in 2022 agus 2023 agus tá gradaim filíocht éagsúla buaite aici, lena n-áirítear Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Filíochta Bhéal na mBuillí, An tOireachtas agus An Fiach Dubh.

    In 2009 ba é Daifní Dineasár (O’Brien Press) an chéad leabhar Gaeilge a bhí san áireamh i réimse Lá Domhanda na Leabhar £1/€1.50 (mar le méarú le Alfie Green & the Monkey Puzzler le Joe O’Brien).

    Áine Ní Ghlinn is a poet and children’s writer and was Ireland’s Laureate na nÓg/Children’s Literature Laureate 2020-2023.

    She has 38 books published. These include young adult fiction, stories, novels, picture books and drama for young readers as well as poetry for adults and children.

    She has won a range of awards, including the Patrick Kavanagh Poetry Fellowship, Gradam Reics Carló, Irish Language Children’s Book of the Year on three occasions for the novels Daideo, Hata Zú Mhamó and Boscadán, Children’s Books Ireland fiction honour award and the Literacy Association of Ireland Book of the Year for the YA novel Daideo. 

    She was one of Ireland’s three nominees for the Astrid Lindgren Memorial Award (ALMA) in 2022 & 2023 and has won various poetry awards, including Listowel Writers’ Week, Strokestown Poetry Festival, An tOireachtas  & An Fiach Dubh.

    In 2009, Daifní Dineasár (O’Brien Press) was the first Irish language book to be included in the £1/€1.50 World Book Day selection (as a flipper book with Joe O’Brien’s Alfie Green & the Monkey Puzzler).

    Áine Ní Ghlinn

    About the Illustrator

    Andrew Whitson

    Andrew Whitson

    Béal Feirsteach ó dhúchas é Andrew Whitson. Is maisitheoir, údar agus oideachasóir é Andrew a bhfuil leabhair maisithe agus cruthaithe aige ar ghnéithe éagsúla ó phictiúrleabhar do pháistí go leabhair ceilteacha do dhaoine fásta. Tá breis agus 30 leabhar maisithe ag Andrew. Ar na cinn is déanaí, tá sraith ‘Muireann’, i gcomhar le Malachy Doyle, agus sraith mhóriomrá ‘Rita’, i gcomhar le Máire Zepf. Bhuaigh sé Gradam mhaisiúchán na Bliana CBI, Gradam Réics Carló, ‘An Gradam Leabhar’ de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann  agus Gradam IBBY. Tá a chuid leabhair aistrithe go teanga eile ar fud an domhain. Is Stiúrthóir Ealaíne é Andrew ar An tSnáthaid Mhór – teach foilsitheoireachta aitheanta neamhspleách.

    Andrew Whitson is an illustrator, author and educator from Belfast. Andrew has created and illustrated well over 40 diverse books, from children’s picture books to Celtic illustrated books for adults. The most recent of which being the popular “Molly” series with Malachy Doyle and the award winning “Rita” series of picture books with Máire Zepf. Over the years he has won many prestigious book awards, the CBI Illustration Award, RAI Book Award for his Rita series and the Ibby Illustration Award and his work is available in many other languages. Andrew is the creative director of An tSnáthaid Mhór a blossoming independent publishing house in Belfast.

    • Who's in Acorn Wood?
    • Macmillan Children’s Books
    • Bluey's Little Book
    • Ladybird
    • The Magic Balloon
    • DK
    • Barbara's Very Useful Guide to Moods
    • Puffin