Is údar aitheanta do pháistí í Máire Zepf a bhfuil a saothair aistrithe go deich dteanga ar fud an domhain. Is í a chum an tsraith pictiúrleabhar a bhfuil mórán geana uirthi, Rita, in éineacht leis an maisitheoir Mr Ando, lena n-áirítear na leabhair do Lá Domhanda na LeabharRita agus an Dragún (2023) agus Rita agus an tEachtrán (2026). Tá réimse leathan leabhar aici, ó phictiúrleabhair spraíúla go h-úrscéal véarsaíochta d’aosaigh óga, Nóinín, a bhuaigh Gradam Leabhar na Bliana do Pháistí KPMG in 2020. I measc a cuid saothar eile tá Ná Gabh ar Scoil! a bronnadh Gradam Onóra IBBY don Scríbhneoireacht air in 2018,Míp, a bhuaigh Gradam White Raven agus Gradam LAI agus An Féileacán agus an Rí, a bhuaigh Gradam Réics Carló. Go dtí seo, tá seacht leabhar déag foilsithe aici.
Is aistritheoir cumasach í fosta, agus tá leabhair le h-údair móra le rá, leithéidí Oliver Jeffers, Charlie Mackesy, Malachy Doyle agus Torben Kuhlmann, aistrithe go Gaeilge aici. Don scáileán, tá an tsraith animé Cheilteach Lí Ban comhchruthaithe aici le Paper Owl Films. Tá cúig ghradam Telly bainte ag Lí Ban agus tá obair idir lámha ar shraith a dó. In 2024, d’oibrigh Máire mar scríbhneoir agus láithreoir arRita, sraith teilifíse TG4 bunaithe ar a cuid leabhar.
Ceapadh Máire mar an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht Páistí do Thuaisceart na hÉireann (2017-2019), lonnaithe in Aonad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Ba Stiúrthóir Ealaíne ar Quotidian – Word on the Street í, áit ar fhorbair sí tionscadail tras-ealaíne a nasc scéalaíocht, damhsa, ceol agus rannpháirtíocht phobail. In 2025 bhí sí mar Ambasadóir Sheachtain Leabhar na hÉireann agus leanann sí uirthi ag freastal ar fhéilte ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
Máire Zepf is an award-winning author of children’s books whose work has been translated into ten languages worldwide. She is the creator, along with illustrator Mr Ando, of the much-loved Rita picture book series, which includes the World Book Day titles Rita agus an Dragún (2023) and Rita agus an tEachtrán (2026). Her books range from playful picture books to a YA verse novel, Nóinín, which won the KPMG Children’s Book of the Year Award in 2020. Other acclaimed works include Ná Gabh ar Scoil! which was presented with a IBBY Honour Award for Writing in 2018,Míp, winner of a White Raven Award and a LAI Award – published in English asMeep in 2025 by Little Island, and An Féileacán agus an Rí, which received Gradam Réics Carló. Over her career she has published seventeen books to date. Nine of her books are published in English.
She is also an accomplished translator, having brought into Irish the work of internationally celebrated authors such as Oliver Jeffers, Charlie Mackesy, Malachy Doyle and Torben Kuhlmann. Beyond the page, she has co-created the Celtic anime series Lí Ban with Paper Owl Films, winner of multiple Telly Awards and currently in production for a second season – as well as writing and presentingRita, a TG4 television series based on her books.
Máire was appointed the first ever Children’s Writing Fellow for Northern Ireland (2017-19), based at the Seamus Heaney Centre at Queen’s University, Belfast. She was Artistic Director of Quotidian – Word on the Street, where she developed large-scale, cross-artform projects linking storytelling, dance, music, and community engagement. In 2025 she served as an Irish Book Week Ambassador and continues to appear at festivals across Ireland and beyond. |